"parents.intro":"Is teanga ríomhchlárúcháin agus comhphobal ar líne é Scratch. Is féidir le páistí\nríomhchláir agus meáin idirghníomhacha a chruthú, mar shampla scéalta, cluichí, agus\nbeochaintí, agus iad a chomhroinnt le daoine eile ar fud an domhain. Sa phróiseas a\nghabhann le tionscadail Scratch a dhearadh agus a ríomhchlárú, foghlaimíonn daoine óga\nsmaoineamh cruthaitheach, réasúnú córasach, agus comhoibriú. Is é an \nLifelong Kindergarten Group ag an MIT Media Lab a dhearann agus a chothaíonn Scratch.",
"parents.overview":"An chaoi a n-oibríonn sé",
"parents.faq":"Ceisteanna Coitianta",
"parents.overviewTitle":"Cén chaoi a gcabhraíonn Scratch le páistí?",
"parents.overviewLearningTitle":"Foghlaim",
"parents.overviewLearningBody":"Le teacht ar fhoramharc ar na rudaí a fhoghlaimíonn daoine óga le Scratch, ar leathanach amháin, féach {learningWithScratch}.\nLéigh alt maidir leis an gcur chuige {creativeLearningApproach}.",
"parents.learningWithScratchLinkText":"Foghlaim le Scratch",
"parents.overviewCommunityBody":"Iarraimid ar gach úsáideoir cloí le {communityGuidelines}.\nNí chuirimid aon fhaisnéis phearsanta ar fáil d'aon duine. Tá tuilleadh eolais ar fáil sa {privacyPolicy}.",
"parents.communityGuidelinesLinkText":"Treoirlínte an Chomhphobail",
"parents.faqMoreAndAsk":"Chun tuilleadh eolais maidir le Scratch a fháil, féach na {faqPage}.\nAgus is féidir leat ceisteanna a chur ar na {discussionForums}.\nMás gá duit dul i dteagmháil go díreach lenár bhfoireann, cliceáil {contactUs} ag bun aon leathanaigh ar an suíomh.",
"parents.faqAgeRangeTitle":"Cad é an raon aoise?",
"parents.faqAgeRangeBody":"Cé go bhfuil Scratch dírithe ar pháistí idir 8 mbliana agus 16 bliana d'aois, úsáideann daoine de gach aois é. D'fhéadfadh páistí níos óige triail a bhaint as {scratchJr}, leagan simplithe de Scratch dírithe ar pháistí idir 5 agus 7 mbliana d'aois.",
"parents.faqResourcesTitle":"Cé na hacmhainní a chabhróidh liom Scratch a fhoghlaim?",
"parents.faqResourcesBody":"Má tá tú ag tosú amach le Scratch, is dócha go mbainfidh tú tairbhe as {stepByStepGuide} laistigh de Scratch féin. Agus féach ar an leathanach {ideasPage} chun foramharc ar acmhainní Scratch a fháil.",
"parents.faqIdeasLinkText":"Smaointe",
"parents.faqStepByStepGuideLinkText":"na treoracha céim ar chéim",
"parents.faqCommunityTitle":"Cad é an comhphobal ar líne Scratch?",
"parents.faqCommunityBody":"Trí pháirt a ghlacadh sa chomhphobal Scratch ar líne, is féidir le baill turgnaimh a dhéanamh i gcomhphobal oscailte foghlama, in éineacht le baill eile ó gach cúlra, de gach aois, agus le suimeanna éagsúla. Is féidir leo freisin a gcuid oibre a chomhroinnt, aiseolas a fháil, agus foghlaim ó chéile.",
"parents.faqGuidelinesTitle":"Cad iad na treoirlínte a bhaineann le comhphobal ar líne Scratch?",
"parents.faqGuidelinesBody":"Oibríonn Foireann Scratch MIT i ndlúthpháirt leis an bpobal chun timpeallacht chairdiúil mheasúil a chothú do dhaoine de gach aois, cine, eitneachas, creideamh, claonadh gnéis, agus féiniúlacht inscne. Is féidir leat cabhrú le do pháiste páirt a ghlacadh trí {communityGuidelines} a léamh le chéile. Iarraimid ar gach úsáideoir léirmheasanna dearfacha amháin a dhéanamh, agus cabhrú linn trí thuairisc a dhéanamh ar aon ábhar nach gcloíonn le treoirlínte an chomhphobail. Déanaimid ár ndícheall gach uile lá monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíocht an tsuímh agus freagraí a thabhairt ar thuairiscí den sórt seo, le cúnamh ó uirlisí ar nós {CleanSpeak} a scagann droch-chaint.",
"parents.faqCommunityGuidelinesLinkText":"treoirlínte an chomhphobail",
"parents.faqPrivacyPolicyTitle":"Cad é an polasaí príobháideachais?",
"parents.faqPrivacyPolicyBody":"Chun príobháideachas na bpáistí a úsáideann Scratch a chosaint, cuirimid teorainn leis an méid eolais a bhailímid le linn an phróisis chlárúcháin, agus leis an bhfaisnéis a nochtaimid go poiblí ar an suíomh. Ní dhíolaimid agus ní chuirimid aon fhaisnéis phearsanta ar cíos riamh. Tá tuilleadh eolais faoi seo ar fáil sa {privacyPolicy}.",
"parents.faqFAQLinkText":"leathanach na gceisteanna coitianta",
"parents.faqOfflineTitle":"An féidir liom Scratch a úsáid gan páirt a ghlacadh sa gcomhphobal ar líne?",
"parents.faqOfflineBody":"Is féidir leat Aip Scratch a úsáid chun tionscadail Scratch a chruthú gan cheangal Idirlín. Tá {scratchApp} ar fáil ó shuíomh Gréasáin Scratch nó ón siopa aipeanna ar do ghléas.",